Fís amháin, 8 teanga, féach air!

Míníonn An Treoir Teanga an méid atá uait chun teanga a labhairt go tapaigh.
Seachas an treoir a léamh chun teacht ar an rún mór, déarfaidh mé leat anois díreach. Caithfidh tú an teanga a labhairt ón gcéad lá.
Is gá í a labhairt, seachas blianta a chaitheamh le cúrsaí gramadaí, nó le bogearraí casta costasacha agus níl “piollaire draíochta” ar fáil chun máistreacht a fháil ar an teanga agus tú i do chodladh. Labhair í go rialta, go muiníneach agus láithreach. Le cleachtadh tagann máistreacht.
Cé go bhfuil cuma simplí ar seo, ní thuigeann an-chuid daoine atá ag tosú amach le teanga conas gur féidir leo í a labhairt. Mar sin, fanfaidh siad go dtí go mbíonn siad ‘réidh’. D’fhéadfadh roinnt mhaith blianta a bheith i gceist anseo, nó seans nach mbainfidh siad triail as riamh.
Ach níl sé chomh deacair sin! Sin a bhfuil sa Treoir Teanga.
An neamhshuim a déantar do chomhthéacs sóisialta/muiníne i gcúrsaí acadúla
Bíonn sé deacair creidiúint nach mbacann an chuid is mó de chúrsaí leis na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh cumarsáide de. Díríonn siad ar an ábhar féin ag ceapadh go gcabhróidh eolas ar an ngramadach agus liosta d’fhocail randamacha leat labhairt go líofa.
Má fhanann tú i do sheomra le cúrsa fuaime ní chabhróidh sé leat choíche an teanga a labhairt. Ní féidir ach le cleachtadh sin a dhéanamh. Bhuail mé leis na mílte daoine a raibh díomá orthu de bharr na cúrsaí seo a dhéanann neamhshuim ar fad do na ceisteanna seo. Mínítear go mion iad agus déantar plé orthu sa Treoir Teanga.
- Conas teanga a chleachtadh gach lá saor in aisce le cainteoirí dúchasacha fiú mura féidir leat taisteal go dtí a dtír.
- Conas an méid atá foghlamtha agat a chur i láthair fiú más duine cúthail, indírithe tú mar a bhíonn an-chuid tosaitheoirí.
- Conas deimhin a dhéanamh de nach mbíonn frustrachas ar na cainteoirí dúchasacha toisc do chuid iarrachtaí “laga” chun a dteanga a labhairt
- Cathain a bheith tú réidh labhairt.
- Cad is ceart duit déanamh má tá ort bogadh go tír do pháirtí nó ar chúiseanna oibre, nó má tá turas agat agus níl an t-am agat míonna a chaitheamh le foghlaim bunaithe ar ionchur
Agus tá iliomad ceisteanna eile atá oiriúnach don ghné daonna do theanga a labhairt nach bhfaighfeá freagra orthu riamh le cúrsaí gramadaí nó cúrsaí bunaithe ar stór focal. Tá siad seo foghlamtha an tslí fada agamsa trí blianta de thástálacha i dtimpeallachtaí tumoideachasa. Ní gá duitse déileáil leis seo. Tá an eolas ar fad sa Treoir curtha le chéile chun cabhrú le daoine líofacht a fháil ina sprioctheanga chomh tapaigh agus is féidir.
Cad atá san áireamh sa Treoir Teanga agus cé mhéid atá air?
Is íoslódáil láithreach atá sa treoir agus san áireamh tá:
- Ceithre leagan den ríomhleabhar leis an eolas lárnach: gnáth PDF (ar féidir léamh ar scáileán ríomhaire), ePub (do iPad/iPod/léitheoir Sony/ Android srl.), Mobi (don Amazon Kindle) agus leagan furasta le priontáil.
- Aistriúcháin iomlán ar an Treoir i dteangacha éagsúla. An eolas ar fad (na ceithre leagan den ríomhleabhar le 32,000 focal agus na leathanaigh oibre) curtha ar fáil i mBéarla, Spáinnis, Fraincís, Gearmáinis, Íodáilis, Polainnis. Portaingéilis, Sínis, Gréigis, Eabhraise, Ungáiris, Ollainnais, Tuircis, Gaeilge, Seiceach, Vítneaimis, Seapáinis agus Rúisis. Go luath beidh a thuilleadh teangacha curtha leis – agus é ar fad mar nuashonrú saor in aisce.
- Liosta do roinnt acmhainní saor in aisce chun teanga a chleachtadh. Níl aon chúrsaí costasacha de dhíth. Ciallaíonn sé seo go gcoigleoidh tú airgead a gcaithfeá ar chúrsaí diomailteacha.
- Leathanaigh oibre chun deimhin a dhéanamh go bhfuil tú ar an mbóthar ceart. Aistrithe leis.
- Beagnach trí uair a chloig d’agallaimh fuaime le roinnt de na hilteangeolaithe agus foghlaimeoirí is clúití ar an Idirlíon, chun na nithe a chabhraigh leo a fhiosrú. Tras-scríbhinní Béarla san áireamh.
Tá an t-eolas sa treoir uathúil ar fad agus níl sé ar fáil áit ar bith eile. Tá sé ráite ag an-chuid daoine (féach na teistiméireachta ar dheis mar shampla) gur fiú níos mó an ábhar ilmheáin seo ná mar a d’íoc siad as cheana.
Faigh an leagan iomlán den Treoir Teanga thíos:

Dírigh go hiomlán ar chumarsáid
Is iontach an rud é a bheith ullmhaithe, agus is cuma cé mhéid staidéar a dhéanann tú, is gá eolas a bheith agat ar conas cumarsáid a dhéanamh i dteanga.
Chomh maith le roinnt teicnící taitneamhacha a úsáidim chun focail agus frásaí a fhoghlaim, tá eolas sa treoir faoi teicnicí a úsáideann foghlaimeoirí teanga saoithiúla, mé féin san áireamh, chun labhairt.
Déarfaidh mé leat fiú na cúiseanna nár chóir duit an Treoir Teanga a cheannach:
- An bhfuil scríbhneoireacht foirfe i do sprioctheanga uait? An leor tuiscint ar scannáin iasachta? Scrúdú gramadaí le déanamh agat? Ná cheannaigh é: is é atá sa treoir seo ná conas labhairt go muiníneach le cainteoirí dúchasacha i dteanga iasachta.
- An bhfuil fonn ort máistreacht draíochta a fháil ar teanga thar oíche le fíorbheagán oibre? Ní tharlóidh sé. Is gá an comhairle sa treoir seo a chur i bhfeidhm (sin an chúis go bhfuil leathanaigh oibre san áireamh) seachas é a léamh amháin. Agus athraigh d’aigne faoi cad atá i gceist le teanga a labhairt. Beidh obair crua i gceist, ach bíonn an-chraic agam leis na teicnící taitneamhacha a chuirim i bhfeidhm.
Leathanaigh samplacha ón treoir.



Mura bhfuil tú cinnte go fóill….
Bíonn ceisteanna ann i gcónaí agus tú ag ceannach ar an Idirlíon. Ní bhíonn eolas agat riamh ar an duine ó a bhfuil tú ag ceannach, agus siad ag iarraigh tú a scarúint ó do chuid airgid.
Ní gúrú Idirlín mé – is iad teangacha mo phaisean agus mo fhócas. Gach trí mhí tosaím le teanga nua a fhoghlaim (de ghnáth ag iarraidh líofacht a bhaint amach, as sin a thagann aimn mo bhlag fluentin3months), ag baint úsáide as na teicnící sa treoir.
Mar a fheiceann tú sa fís thuas, labhraim 8 teanga go líofa. Ní don fís amháin é seo, chaithim mo shaol ar fad sna teangacha sin. Mar shampla, chroch mé thart le hÍodáiligh sa Róimh, rinne mé an tangó i mBuenos Aires agus d’úsáid mé na teicnící céanna chun Seicís a fhoghlaim maith go leor, chomh maith le beagán Téalainnis (brúigh orthu chun físeanna sna teangacha sin a fheiscint). D’íoc mé as mo chuid taisteal le roinnt blianta anuas le aistriúcháin ar doiciméidí teicniúla, ach b’fhearr liom díriú ar chabhair a thabhairt do dhaoine teangacha a fhoghlaim agus tacaíonn díolacháin an treoir seo liom sin a dhéanamh.
Seans go mbeidh tú tógtha leis an scéal seo, ach cuimhnigh, níor labhair mé ach Béarla ag aois 21! Fiú dá ma rud é go raibh fadhbanna agat le teanga ar scoil, tá súil agam go gcabhraíonn an treoir leat paisean a fháil agus é a chur i bhfeidhm sa saol!
Ní hé mo chuid comairle amháin atá anseo: d’fhoghlaim na foghlaimeoirí a chuireadh agallaimh orthu (agus labhraíonn siad iliomad teangacha), na teangacha agus iad ina ndaoine fásta le meon dearfach agus teicnící éifeachtachta a mhínímid go mion. Labhair siad ar fad Béarla amháin tar éis an mhéanscoil, mar sin, smaoinigh ar do photéinseal féin!
Tuigfidh tú atá i gceist agam tré chuid do mo bhlag a léamh. Brúigh ar an lógó ar dheis ar bharr an leathanaigh seo chun mo phíosa is déanaí a fheiscint. Féach na ‘Míreanna is mó a bhfuil gean orthu’ sa taobh-bharra chun teacht ar airteagail atá léite ag breis is 100,000 duine (an ceann).
Déanaim a deirim agus roinnim mo chuid dul chun cinn i dtaobh mo mhisean is déanaí ar an mblag seo. Ach athscríobhadh an t-eolas ar fad agus cuireadh nodanna eile leo don Treoir Teanga i slí ar féidir eolas a bheith agatsa ar a rinne mé féin agus foghlaimeoirí ráthúla eile chun cúrsaí a dhéanamh níos símplí dúinn féin.
An bhfuil ag smaoineamh air, ach ar mian leat sracfhéachaint a thabhairt air sara gceannaíonn tú é? Brúigh ar an gclár agus léamh dhá chabidil (ón leagan Béarla) saor in aisce anseo.
Brúigh thíos chun teacht ar gach rud láithreach!
P.S. Má thagann tú go dtí an deireadh ar fad, maith thú as ucht é a léamh! Ar cheap tú go raibh an fís ar barr fionnfhuar? Roinn an nasc go dtí an leathanach seo le do chairde ar Facebook. Seans go mbainfaidís taitneamh as leis!
